Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí Scoile/Caighdeáin taighde (eitice)

This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Schools toolkit/Research standards (ethics) and the translation is 96% complete.
Outdated translations are marked like this.

Ceacht 6: Caighdeáin taighde (eitice)

Réamhrá (10 nóiméad): Cuir Fáilte roimh na daltaí agus Tabhair achoimre ar thábhacht na tagairtí ar Vicipéid. Cad é 'Bradaíl'?

  • Coincheap na bradaíola: saothar duine eile a chóipeáil gan luadh ceart, de bhun tola nó go neamhbheartaithe.
  • Pléigh iarmhairtí bradaíola agus athinsint dlúth i gcomhthéacsanna acadúla agus gairmiúla.
  • Pléigh cén fáth a bhfuil sé tábhachtach foinsí a lua i do chuid oibre? Conas a chuireann sé le hinchreidteacht i bhur gcuid thaighde?"
  • Conas lua a chur isteach, na céimeanna.
  • Taispeáin conas an uirlis Luaite sa Vicipéid a úsáid.

Díospóireacht Ranga (5-10 nóiméad) Pléigh na critéir chun foinsí a mheas: ábharthacht, creidiúnacht, claonadh, agus úire. Cad is brí le... Roinnt sainmhínithe chun cuidiú le daltaí tuiscint a fháil. Laofacht

Tagraíonn laofacht do réamhchlaonadh nó do chlaontacht éagórach a d’fhéadfadh a bheith i bhfabhar peirspictíocht amháin thar dhearcadh eile. Tá sé cosúil le scéal a insint ó thaobh amháin gan breathnú ar dhearcthaí eile, a d’imreodh tionchar ar chruinneas agus neodracht na faisnéise a chuirtear i láthair.

Ionracas

Ciallaíonn 'Ionracas' sa scríbhneoireacht go bhfuil macántacht agus iontaofacht cothabháilte san fhaisnéis a roinntear. Tá sé ag insint na fírinne agus ag déanamh cinnte go bhfuil na fíricí daingean ionas gur féidir le léitheoirí muinín a bheith acu as an méid a aimsíonn siad ar Vicipéid.

Creidiúnacht

Baineann creidiúnacht sa scríbhneoireacht le cinntiú go bhfuil an fhaisnéis iontaofa agus inchreidte. Mar shampla, nuair a mbíonn clú agus cáil láidir agat as sonraí cruinne a roinnt, ionas gur féidir le léitheoirí brath ar an méid a aimsíonn siad ar Vicipéid.

Úire

Tagraíonn 'Uire' don chaoi a bhfuil faisnéis nua nó cothrom le dáta. Agus sibh ag baint úsáid as foinsí agus taigairtí, tá sé cosúil le cinntiú go bhfuil na fíricí is déanaí á n-úsáid agat, díreach mar an nuacht is déanaí a sheiceáil le haghaidh na nuashonruithe is déanaí ar ábhar a fháil.

Leid: "Conas is féidir le claonadh i bhfoinsí dul i bhfeidhm ar chaighdeán ailt? Conas is féidir linn peirspictíochtaí cothromaithe a chinntiú?" Réamhrá ar Athinsint agus Lua Cuí (5 nóiméad):

  • Mínigh na céimeanna chun athinsint chuí a dhéanamh: tuigeann an fhoinse, í a chur i leataobh, agus ansin athfhrása a dhéanamh i d’fhocail féin.
  • Cuir béim ar a tábhacht gan ábhar a aistriú go díreach agus iarracht a dhéanamh smaointe a chur in iúl go huathúil, go háirithe nuair atá tú ag aistriú.
  • Sampla d’alt ó DIB.ie a ndearnadh athinsint air

Gníomhaíocht: Athinsint agus Cleachtadh Lua (5 nóiméad):

  • Cleachtann na daltaí ar sliocht gairid a athinsint ó fhoinse.
  • Ba chóir go mbeadh an sampla ábhartha don réigiún agus na foinsí atá ar fáil do na daltaí.
  • Úsáideann siad an uirlis tagartha chun an t-ábhar athinsinte a chur le halt ar an Vicipéid nó a gCláir Dubh.
  • Téigh timpeall chun cúnamh agus treoir a sholáthar le linn na gníomhaíochta.

Críoch (5 nóiméad):

  • Achoimre ar an tábhacht a bhaineann le hathinsint cheart, lua agus luacháil foinse.
  • Athdhearbhaigh iarmhairtí bradaíola agus athinsint dlúth.

Obair Bhaile:

  • Roghnaigh ceann de na foinsí atá aitheanta agat don alt agus déan achoimre uirthi.
  • Déan Athinsint ar an eolas ar do Chlár Dubh
  • Sabháil an t'eolas foinse

Nóta: Spreag na daltaí páirt ghníomhach a ghlacadh sna díospóireachtaí agus sna gníomhaíochtaí. Béim a chur ar a thábhachtaí atá úrnuacht agus dearcthaí cothromaithe ina gcuid taighde. Tá sé mar aidhm ag an gceacht seo cleachtais eitice taighde a bhunú agus cumas na mac léinn a fheabhsú chun foinsí a mheas go criticiúil agus faisnéis a chomhtháthú go héifeachtach ina gcuid alt Vicipéid.