Wiki na mBan Erasmus+/Foireann Uirlisí Scoile/An Réimse Ábhair á phlé

This page is a translated version of the page WikiWomen Erasmus+/Schools toolkit/Exploring the topic area and the translation is 98% complete.
Outdated translations are marked like this.

Ceacht 4: An Réimse Ábhair á phlé

Réamhrá (5 nóiméad):

  • Gabhaimis siar an tábhacht a bhaineann le tuiscint a fháil ar conas a oibríonn Vicipéid chun foghlaim, conas taighde a dhéanamh, agus ailt maithe a scríobh don Vicipéid.
  • Spreag Plé Tapa:
    • Cad is brí le ‘caighdeán maith’ d’alt Vicipéid?
    • Cén cineál foinsí faisnéise is féidir linn a úsáid?
    • Pléigh conas is féidir alt ar chaighdeán maith a dhéanamh ar Vicipéid: cuimsitheacht, foinsí iontaofa, tagairtí, agus neodracht.

Achoimre (5 nóiméad)
Dul Siar ar na Cúig Philéir Vicipéide Fan Neodrach

  • Ar Vicipéid (agus in ábhar ciclipéideach eile) ní mór gach alt a scríobh ó thaobh neodrach, gan aon chlaonadh.
  • Gan tuairimí pearsanta, gan barúil.
  • Athscríobh ailt atá scríofa go soiléir le claonadh.

Infhíoraitheacht

  • Ciallaíonn infhíoraitheacht (verifiability) gur féidir le aon duine atá ag léamh agus ag déanamh eagarthóireacht ar an gciclipéid seiceáil go dtagann an t-eolas sin ó fhoinse iontaofa.
  • Ní mór ábhar agus athfhriotail a chur i leith foinse iontaofa, foilsithe.
  • Foinsí a thabhairt do gach alt - beidh muid ag foghlaim conas é seo a dhéanamh níos déanaí!

Infhíoraitheacht, ní fírinne

  • Fíricí Infhíoraithe
    • Ní mór don fhaisnéis teacht ó fhoinsí iontaofa agus ba cheart go mbeadh daoine eile in ann í a fhíorú.
  • Gan Smaointe/Tuairimí Pearsanta:
    • Ní féidir leat creidimh ná taithí phearsanta a chur leis, oibrigh leis an méid atá foilsithe agus cruthaithe cheana féin.
  • Cothromaíocht agus Neodracht:
    • Mura n-aontaíonn foinsí lena chéile, fan neodrach & cuir gach taobh i láthair go cothrom, ag tabhairt a sciar cothrom do gach dearcadh

Ar Vicipéid, tá infhíoraitheacht, gan aon bhuntaighde a dhéanamh, agus dearcadh neodrach a choiméad mar phríomhbheartais ábhair. Oibríonn siad le chéile chun ábhar a leagan amach, mar sin ba cheart go dtuigfeadh eagarthóirí príomhphointí na dtrí phrionsabal seo.

Féach tuilleadh ar Infhíoraitheacht ar Vicipéid anseo (foinse i mBéarla):en:Wikipedia:Verifiability#Reliable_sources

Cad a ghlactar mar fhoinse iontaofa?

  • An saothar féin

An t-alt, leabhar ("B'fhéidir go mbeadh an leabhar sin mar fhoinse úsáideach don alt seo.") agus oibríonn sé cosúil leis ("Is foinse maith í tuairisc bháis a bheith ina fhoinse úsáideach beathaisnéise", "Is fearr foinse níos déanaí ná seancheann")

  • An cruthaitheoir an tsaothair

An scríbhneoir, iriseoir: “Cad atá ar eolas againn faoi cháil na foinse sin?”) agus daoine mar iad ("B'fhearr taighdeoir leighis ná iriseoir a bheith ina bhfoinse do...").

  • An foilseachán

(mar shampla, an nuachtán, an iris, no zín: "Tá an fhoinse sin dírithe ar na healaíona.") agus foilseacháin cosúil leo ("Ní foinse iontaofa é nuachtán le haghaidh fíricí leighis").

  • Foilsitheoir an tsaothair

(mar shampla, Cambridge University Press: "Foilsíonn an fhoinse sin saothair tagartha.") agus foilsitheoirí cosúil leo ("Is foinse mhaith saothair tagartha é foilsitheoir acadúil"). Faigh Tuilleadh: w:Wikipedia:Verifiability#What_counts_as_a_reliable_source Seachain Coimhlintí Leasa!

  • Tá trédhearcacht ríthábhachtach.
  • Ná cuir ailt in eagar fút féin, do theaghlach nó do chairde, d’eagraíocht, do chliaint nó d’iomaitheoirí.

Ceist don Rang: An féidir libh smaoineamh ar aon choinbhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith agaibh?

Díospóireacht Ranga (10 nóiméad): (5 nóiméad)

  • Leid: Cá lorgófá foinsí do d’alt?
    • Spreag na mic léinn a gcuid straitéisí agus taithí a roinnt maidir le foinsí inchreidte a aimsiú.
    • Roinnt smaointe: Leabharlann Scoile, Leabharlann sa Chathair, Baile, Contae nó Réigiún, Músaem Áitiúil, Nuachtáin, Foinsí Ar Líne, Cartlann Áitiúil

(5 nóiméad)

  • Leid: Cén topaic nó cén duine ar mhaith leat scríobh futhu do d’alt?
    • Roinnt smaointe: mura bhfuil bean nó duine ar leith ag daltai ar mian leo taighde a dhéanamh, is féidir leo a spéiseanna féin a iniúchadh chun duine shuntasach a aimsiú
    • Sampla 1: b’fhéidir go roghnódh duine ar spéis leis sacar scríobh faoi fhoireann sacair réigiúnach nó náisiúnta na mban
    • Sampla 2: d’fhéadfadh go roghnódh duine a bhfuil suim aige sa cheol scríobh faoi banealaíontóir ceoil ón réigiún

Réamhrá ar Uirlisí (10 nóiméad):

  • Tabhair isteach Gap Finder agus mínigh conas a chuidíonn sé le hailt in easnamh i Vicipéid teangacha éagsúla a aithint.
  • Taispeáin conas catagóirí a úsáid le hailt atá ar iarraidh a aimsiú, ag baint úsáide as an sampla de Vicipéid Bhéarla agus Ghaeilge a chur i gcomparáid le m.sh."ealaíontóirí mná Éireannacha san 20ú haois."

Gníomhaíocht Ghrúpa (6 nóiméad):

  • Eagraigh na daltaí i ngrúpaí beaga.
  • Scrúdaíonn gach grúpa cuardaigh Gap Finder agus Catagóire chun ailt fhéideartha a aithint a dteastaíonn feabhsú nó leathnú uathu.
  • Pléann na grúpaí a dtorthaí agus roghnaíonn siad alt amháin a aimsíonn siad a d’fhéadfaí a fhorbairt a thuilleadh.
  • Ar thug éinne faoina ndeara alt tábhachtach atá at teastáil ó Vicipéid?

Roinnt Foinsí ar Líne (3 nóiméad) Cuir é seo in oiriúint do do chomhthéacs

Tasc Obair Bhaile:

  • Déanann na mic léinn taighde aonair ar an alt roghnaithe ag baint úsáide as na foinsí aitheanta.
  • Bain úsáid as roinnt de na hacmhainní a d’aithin muid níos luaithe: leabharlanna, acmhainní ar líne le haghaidh beathaisnéisí agus staire.
  • Déanann siad measúnú ar ábhar reatha an ailt, ar na foinsí agus ar an gcaighdeán foriomlán.
  • Cuir roinnt nótaí le do Chlár Dubh chun an t-alt a athbhreithniú inár gcéad rang eile.
  • Spreag úsáid a gClár Dubh chun cleachtadh a dhéanamh ar obair san ardán Vicipéid.

Nóta: Spreag na daltaí a bhieth ag smaoineamh go criticiúil ar cháilíocht na n-alt a roghnaíonn siad, ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le heolas atá luachmhar agus cruinn a chur ar fáil don ardán Vicipéid. Tá sé mar aidhm ag an gceacht seo mic léinn a chumasú chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena n-alt roghnaithe, ag leagan an bhunsraith dá ngníomhaíochtaí taighde agus scríbhneoireachta atá le teacht.