User:Micipéid/sandbox

Sraith úrscéalta grafacha is ea Corto Maltese bunaithe ar mhairnéalach agus fhear eachtraíochta den ainm céanna. Is é an cartúnaí Iodálach Hugo Pratt a chruthaigh an carachtar i 1967. Tá an tsraith Corto Maltese aistrithe go teangacha éagsúla.

Stair na bhFoilseachán

edit

Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Iodáilis: Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil.[1] Smuglálaithe agus foghlaithe mara i ndeisceart an Aigéin Chiúin roimh thús an Chéad Chogaidh Domhanda atá mar chúlra leis an scéal. I 1970, d’aistrigh Pratt go dtí an Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Beilgeach Pif gadget. I 1974 d’fhill sé ar na scéalta fada, agus chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corte sconta detta arcana (Corto Maltese sa tSibéir), a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus.

I 1976, foilsíodh Port na Farraige Goirt i bhfoirm leabhair, agus bronnadh an duais don saothar réalaíoch eachtrannach dó ag Féile Angoulême i 1976.[1]

Lean Pratt air ag foilsiú scéalta nua as sinn go dtí 1989 nuair a foilsíodh an leabhar deireanach leis, Mu.

An Carachtar

edit

Ainmíodh Corto Maltese, seans, as Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach) is é sin Corte Contarini del Bovolo, atá gar do Palazzo Contarini del Bovolo). Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois (1900-1920dí). Déantar cur síos air mar "rógaire, a bhfuil croí órga aige", agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é ar an 10 Iúil 1887, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar "La Niña de Gibraltar". Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige agus ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom. Tá a charachtar bunaithe ar an bhfear eachtraíochta, ar an údar, agus ar an taiscéalaí Polainneach Ossendowski, fear a bhí páirteach le Roman von Ungern-Sternberg.

Léiriú atá sa charachtar ar an amhras atá ar an údar roimh sheasamh náisiúnach, idéalaíoch nó reiligiúnda. Déanann Corto cairdeas le gach uile chineál duine, leithéidí an dúnmharfóra Raspúitín (fear nach bhfuil gaol ar bith aige leis an bpearsa stairiúil, cé is moite dá chosúlacht), an Sasanach uasaicmeach Tristan Bantam, an bandraoi vúdú Béal Órga agus an scoláire Seiceach Jeremiah Steiner. Castar pearsana stairiúla air freisin, leithéidí [[Jack London, Ernest Hemingway, Hermann Hesse, Butch Cassidy, James Joyce, Gabriele D'Annunzio, Frederick Rolfe, Joseph Conrad, Sukhbaatar, John Reed, an ginearál Roman von Ungern-Sternberg, Enver Paiseá na Tuirce, agus Sergei Semenov (atá bunaithe ar Ghrigory Semyonov). Tá an-mheas ag a chuid cairde air, agus is le glao gutháin chuig Josef Stalin a shaortar é nuair atá sé i mbaol a lámhaigh ar theorainn na Tuirce is na hAirméine.

Is é Utopia Thomas More an leabhar is ansa le Corto, cé nach gcríochnaíonn sé riamh í. Tá leabhair le London, Lugones, Stevenson, Melville agus Conrad léite freisin aige.

Chomh maith le heachtraí staire tá fantaisíocht freisin sa tsraith. Tá Corto i láthair nuair a chaitear leagtar eitleán an Bharúin Dheirg, cabhraíonn sé leis na Jivaro i nDeisceart Mheiriceá, agus teitheann sé ó na Faisistigh sa Veinéis, ach cabhraíonn sé freisin le Tristan Bantam teacht ar mhór-roinn bháite Mu.

Go cruinneolaíoch, is le linn an Chogaidh Rúisea-Seapánach a suitear an chead eachtra dá chuid, La giovinezza (An Óige). Sna húrscéalta eile tá sé páirteach in áiteanna éagsúla sa Chogadh Mór, tá sé páirteach i gCogadh Cathartha na Rúise tar éis Réabhlóid Dheireadh Fómhair, agus tá sé san Iodáil i dtús ré an Fhaisisteachais. I sraith eile le Pratt, Gli Scorpioni del Deserto (Scairpeanna an Fhásaigh) deirtear gur imigh sé gan tásc sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha.

Cruinneolaíocht

edit

An dá úrscéal grafach déag in ord cruinneolaíochta. Tugtar na teidil i bhFraincis agus in Iodáilis. Is iad Casterman a d’fhoilsigh na heagráin Fraincise, agus Edizioni Lizard a d’fhoilsigh na heagráin Iodálacha.

  • 1905 (Fraincis) La Jeunesse (1981); foilsithe in Iodáilis mar La giovinezza (1983); (Gaeilge: An Óige)
  • 1913–1915 (Fraincis/Iodailis) Una ballata del mare salato/La ballade de la mer salée (1967–1969); Port na Farraige Goirt (Gaeilge, 2014)
  • 1916–1917 (Fraincis) Sous le signe du Capricorne (1971)
  • 1917 (Fraincis) Corto toujours un peu plus loin (1970–1971)
  • 1917–1918 (Fraincis) Les Celtiques (1971–1972)
  • 1918 (Fraincis) Les Éthiopiques (1972–1973)
  • 1918–1920 Corte sconta detta Arcana (1974–1975), Corto Maltese en Sibérie (Fraincis);
  • 1921 (Iodáilis) Favola di Venezia - Sirat Al-Bunduqiyyah (1977), (Fraincis) Fable de Venise
  • 1921–1922 (Fraincis/Iodáilis) La maison dorée de Samarkand/La Casa Dorata di Samarcanda (1980)
  • 1923 Tango... y todo a media luz (Iodáilis, 1985)
  • 1924 (Iodáilis) Le Elvetiche - Rosa alchemica, 1987; (Fraincis) Les hélvétiques
  • 1925 Mu (Iodáilis, 1988–1989; Fraincis, 1992).

Athchóirithe

edit

Sa tréimhse 1975–1977 léirigh Secondo Bignardi an tsraith Corto Maltese don chlár teilfíse Supergulp, fumetti in TV! ar RAI.[2] I 2002 rinneadh scannán Fraincise, Corto Maltese: La Cour secrète des Arcanes, bunaithe ar an úrscéal grafach Corte sconta detta arcana, ("Corto Maltese sa tSibéir"), agus rinne Canal + sraith eachtraí Corto Maltese don teilifís, bunaithe arLa Ballade de la mer salée, Sous le signe du Capricorne, Les Celtiques agus La Maison dorée de Samarkand.

D'fhoilsigh an comhlacht lo Scarabo paca cártaí tarot i 2008.[3]

Féach freisin

edit

Tagairtí

edit
Fonótaí
  1. ToutEnBD. "Le Palmarès 1976" (in Fraincis). 
  2. Fondazione Franco Fossati. "Corto Maltese" (in Iodáilis). 
  3. "Iontráil Aeclectic Tarot do Corto Maltese Tarot". 

Nascanna Seachtracha

edit